Óráid an Taoisigh, An tUasal Parthalán Ó hEachthairn, T.D.,

Óráid an Taoisigh, An tUasal Parthalán Ó hEachthairn, T.D.,

Seoladh ‘Rialtas na hÉireann: Ráiteas i leith na Gaeilge 2006’,

i dTeach Farmleigh, 19/12/06

A dhaoine Uaisle.

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhaibh anseo inniu - tráth a bhfuilimid ag fógairt ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge.

Tá áit speisialta ag an nGaeilge i saol  na tíre seo. 

Ón am ar bunaíodh an Stát, d’aontaigh na páirtithe uile go mbeadh ról lárnach ag an nGaeilge in Éirinn.  Is comhartha dár bhféiniúlacht í.  Ar an aonú lá d’Eanáir, dhá mhíle is a seacht, beidh an Ghaeilge ar an fichiú teanga a mbeidh stádas oifigiúil oibre bainte amach aici san Aontas Eorpach, ar iarratas ó Rialtas na hÉireann.

Sa gcomhthéacs seo, is cóir go mbeimis ag tacú leis an nGaeilge agus á cur chun cinn sa bhaile.  I gcomhthéacs na hEorpa, tá sé tábhachtach go ndéanfaí cosaint agus forbairt ar chultúr ilghnéitheach saibhir na hEorpa.  Mar cheann de na teangacha is ársa san Eoraip atá fós á labhairt mar theanga dhúchais, tá ról an-speisialta ag an nGaeilge sa chultúr ilghnéitheach seo.  Mar sin, tá sé de dhualgas ar an Rialtas a chinntiú go leanfar le forbairt na teanga.

I gcomhthéacs an fiche haonú haois, mheas an Rialtas go raibh sé tábhachtach seasamh an Rialtais i leith na Gaeilge a athshonrú.  Tá an-áthas orm, mar sin, a bheith anseo ag seoladh an ráitis ghearr seo inniu.  Leagan sé amach go soiléir seasamh an Rialtais i leith na teanga agus i leith todhchaí na teanga.  Is comhartha é an ráiteas seo ar an bhforbairt mhór atá tarlaithe ó thaobh polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge.  Bhí sé mar aidhm ag polasaithe Rialtais sa fichiú aois, an Ghaeilge a chur ar ais mar phríomhtheanga labhartha na ndaoine, ach tá sé i gceist ag an Rialtas anois díriú ar shochaí dhátheangach a fhorbairt ar bhealach praiticiúil – sochaí ina bhfuil an méid daoine agus is féidir ábalta Gaeilge agus Béarla a labhairt go héasca.

· Tá an Rialtas tiomanta d’fhorbairt na Gaeilge agus do chur chun cinn an dátheangachais fheidhmiúil, agus iad ag tabhairt aitheantas ag an am céanna do thábhacht an Bhéarla, mar phríomhtheanga dioscúrsa idirnáisiúnta, do shaoránaigh na hÉireann.

· Tá an Rialtas tiomanta do straitéis fiche bliain a fhorbairt don Ghaeilge, a leagfaidh amach plean mionsonraithe maidir le cur chun cinn na teanga.

· Tá an Rialtas tiomanta do chaomhnú na Gaeilge sa chóras oideachais, sna meáin agus sa saol poiblí agus do chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Aithnímid gur le gach uile Éireannach an Ghaeilge, is cuma mura bhfuil aon Ghaeilge acu ar chor ar bith nó mura bhfuil acu ach cúpla focal nó más cainteoirí líofa iad.  Is é dúshlán an Stáit a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge ar fáil go forleathan ionas go mbeidh rogha ag an saoránach maidir le conas ar mhaith leo an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát.  Mar shampla, tá sé suas ag tuismitheoirí ar mhaith leo go bhfaigheadh a gcuid páistí a gcuid oideachais trí Ghaeilge nó go múinfí an Ghaeilge dóibh mar chroí-ábhar ar scoil.  Tá sé suas ag saoránaigh ar mhaith leo féachaint ar theilifís Ghaeilge nó éisteacht le raidió Gaeilge.  Tá rogha ag saoránaigh maidir le déileáil leis an Stát trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.  Is fúinne atá sé an rogha seo a chur ar fáil, chomh fada agus is féidir linn é.

Níl aon amhras ach go raibh ról an Stáit ríthábhachtach do bhuaine agus d’fhorbairt na Gaeilge san am atá caite.  É sin ráite, athraíonn an saol agus caithfidh polasaithe athrú dá réir.  Cuireann an ráiteas seo leis an obair a rinneadh san am atá caite ach, ag an am céanna, tá sé dírithe go sonrach ar riachtanais an todhchaí agus ar riachtanais na hÉireann – Éirinn atá comhaimseartha, beoga agus ag forbairt léi.  Ní hé an saibhreas ábhartha amháin a bheifear ag cur chun cinn sa tír seo, ach saibhreas ilghnéitheach ár gcultúr, rud a chuirfidh le saibhreas meanma na ndaoine.

CRÍOCH.