Cinneadh an Rialtais Córas Baincéireachta na hÉireann a chosaint
Cinneadh an Rialtais Córas Baincéireachta na hÉireann a chosaint
Chinn an Rialtas socrú ráthaíochta a chur i bhfeidhm láithreach a thabharfaidh cosaint do gach taisce (miondíola, tráchtála, forais agus idirbhainc), banna faoi chumhdach, fiach tosaíochta agus fofhiach dátaithe (leibhéal íseal II), i gcás na mbanc seo a leanas: Banc Aontas Éireann, Banc na hÉireann, Banc Angla-Éireannach, Irish Life and Permanent, Irish Nationwide Building Society agus an Educational Building Society, agus fochuideachtaí sonracha a cheadóidh an Rialtas tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis an Rialtóir Airgeadais. Tá an méid sin curtha i gcrích ag an Rialtas tar éis comhairle a fháil ó Ghobharnóir an Bhainc Cheannais agus ón Rialtóir Airgeadais maidir leis an tionchar a bhí ag an ngéarchéim sa mhargadh idirnáisiúnta le gairid ar chóras Baincéireachta na hÉireann. Gearrfar muirear ar na forais lena mbaineann agus an ráthaíocht á cur ar fáil agus beidh sí faoi réir ag téarmaí agus ag coinníollacha sonracha ionas gur féidir leas an cháiníocóra a chosaint. Clúdóidh an ráthaíocht na saoráidí go léir thuasluaite leis na forais sin agus aon saoráidí nua den sórt sin arna n-eisiúint ó mheánoíche an 29 Meán Fómhair 2008 amach, agus rachaidh in éag meánoíche an 28 Meán Fómhair 2010.
Ghlac an Rialtas an cinneadh sin ionas nach mbeadh aon neamhchinnteacht i gceist ar thaobh frithpháirtithe ná custaiméirí na sé fhoras creidmheasa. Is éard atá mar aidhm ag an Rialtas leis an ngníomh cinntitheach sin, cobhsaíocht a chothabháil i gcúrsaí airgeadais ar mhaithe le taisceoirí agus le gnólachtaí agus ar mhaithe le geilleagar na hÉireann.
Mhol an Rialtóir Airgeadais go mbeadh gach foras creidmheasa in Éirinn faoi réir, i gcónaí, ag gnáthcheanglais rialála leanúnacha.
Ceapadh an tionscnamh ríthábhachtach seo de chuid an Rialtais chun córas airgeadais na hÉireann a chosaint agus chun an fhadhb mhór sa gheilleagar a réiteach, fadhb atá ann mar gheall ar an ngéarchéim le gairid sna margaí airgeadais idirnáisiúnta.
Críoch