Ráiteas Rialtais

Tá beartas an Rialtais ar bhainistiú agus loscadh dramhaíola leagtha amach sa Chlár don Rialtas 2007 agus sa Chlár Athnuaite don Rialtas 2009. Tá sé d’fhreagracht ar an Aire Gormley treallús a chur faoi fhorbairt na dtiomantas seo trí thionscnaimh bheartais éagsúla lena n-áirítear reachtaíocht.

Soláthraíonn an Clár don Rialtas cur chuige bainisithe acmhainní i leith dramhaíola agus beidh iarmhairtí dosheachanta aige seo ar scála agus ar shuíomh infrastruchtúr dramhaíola iarmharaí.

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas cheana féin tobhach a ghearradh ar loscadh. Tá an reachtaíocht a dhéanfaidh soláthar dó sin á dréachtú agus cuirfear faoi bhráid Thithe an Oireachtais í go luath i mbliana.

Tá an tAire ag déanamh Measúnú Comhshaoil Straitéiseach ar uasteorainn atá beartaithe do chumas loiscthe agus ar chúrsaí ábhartha eile, mar a foráladh sa Chlár don Rialtas.

Tá athbhreithniú foriomlán ar bheartais an Rialtais ar bhainistíocht dramhaíola ar bun ó 2008 agus ba é an toradh a bhí leis ná gur fhoilsigh an tAire tuarascáil na sainchomhairleoirí i Samhain 2009 a leag amach roinnt moltaí atá an-tábhachtach.

Tá an Rialtas tiomanta cur chuige bainisithe acmhainní a ghlacadh i leith dramhaíola. Tá an Rialtas go hiomlán muiníneach as an Aire Gormley chun tograí a fhorbairt sa chomhthéacs sin.