Déanann an Taoiseach Comhghairdeas le Doire as a mBua sa City of Culture


Anocht rinne an Taoiseach comhghairdeas le muintir Dhoire as a mbua sa chomórtas UK City of Culture 2013.

‘Tá áthas orm comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Cathair Dhoire agus í roghnaithe mar an City of Culture do 2013.

Thacaigh mé go láidir leis an mbeart seo agus is mór agam an iarracht mhór tras-phobail a rinneadh chun a rathúlacht a chinntiú. Is éacht ollmhór é a thabharfaidh an deis do Dhoire agus don Iarthuaisceart taispeáint don domhan níos leithne an dul chun cinn atá déanta aige agus an méid atá le tairiscint aige.

Cuireann an teideal seo ardán iontach ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair Dhoire i gcomhthéacs chathair nua-aimseartha a chuimsíonn gach traidisiún, a thagann le comóradh 400 bliain ar thógáil na cathrach múrtha.
Cinnteoidh traidisiúin liteartha agus ealaíonta nasctha le tionscadail athnuachana spreagúla atá ar bun, go mbeidh réimeas Dhoire mar an City of Culture bríomhar agus spleodrach.

Déanaim comhghairdeas leis an bhfoireann a threoraigh an beart seo agus le muintir na cathrach a bhí rannpháirteach ina rathúlacht. Táim ag tnúth le tairbhí an éachta seo a fheiceáil ag síneadh i bhfad thar 2013.

15/07/10