Ráiteas ón Taoiseach, Brian Cowen T.D., Uasal, faoi bhás an aisteora Mick Lally.

Bhí díoma agus brón orm cloisteáil faoi bhás tobann Mick Lally.

Bhí sé ar cheann de na haisteoirí is mó a raibh tóir air agus aireoidh an pobal agus a chuid comhghleacaithe amharclainne agus teilifíse uathu go mór é.

Bhí sé cumasach i dteanga na Gaeilge agus an Bhéarla, agus tharraing an bua a bhí aige ó thaobh a chuid carachtar a chruthú agus a léiriú cáil forleathan agus chriticiúil air.

Cuirimid ár gcomhbhrón in iúl lena bhean chéile Peige, lena thriúr clainne Saileog, Maghnus agus Darach agus lena thuismitheoirí.

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

31/08/10