Comhráiteas ón bPríomh-Aire agus ón Taoiseach ar Thuaisceart Éireann
“Fáiltímid go mór roimh vóta tras-phobail an lae inniu i gComhthionól Thuaisceart Éireann a d’iarr go n-aistreofaí cumhachtaí póilíneachta agus ceartais ó Westminster. Is céim mhór chun cinn í seo do mhuintir Thuaisceart Éireann, a bhfuair tacaíocht ollmhór ó gach cuid den phobal.
Tugann sé teachtaireacht muiníne shoiléir don todhchaí, agus tiomantas chun cur le dul chun cinn an phróisis síochána a baineadh amach le 12 bliain anuas.
Déanaimid comhghairdeas le gach duine a chuidigh leis an gcinneadh tábhachtach seo a dhéanamh.
Táimid ag tnúth le thabhairt chun críche chineachadh na gcumhachtaí póilíneachta agus ceartais an 12 Aibreán. Tabharfaidh Rialtas na Breataine isteach na horduithe aistrithe riachtanacha i Westminster chun an clárama seo a éascú.”
Críoch
9ú Márta 2010