• Clár don Rialtas

    Leagann an Clár Rialtais seo amach go soiléir agus go h-uaillmhianach ár gcomhfhís d'fhorbairt na hÉireann ins na cúig bliana atá romhainn. Do chuidigh dianobair muintir na hÉireann le sochaí fhuinniúil agus geilleagar láidir a chruthú. Oibreoidh an Rialtas seo in éineacht le muintir na hÉireann leis an sochar seo a chumhdach agus le náisiún láidir inbhuanaithe a thógáil do na glúinte atá le teacht. Creidimid go bhfeidhmeoidh ábhar an Chláir seo mar threoirphlean do na cúig bliana atá romhainn. Dírionn sé ar na mórdhúshláin atá romhainn, agus leagann sé amach conus is féidir tabhairt faoi na dúshláin sin agus iad a shárú. Ag obair dúinn le fuinneamh agus le tiomantas, creidimid go mbeidh ar chumas na hÉireann na dúshláin atá romhainn a thionntú ina ndeiseanna.

  • Clár Comhaontaithe Rialtais Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn - 2008