Binsí Fiosrúcháin
Is é an phríomhdhifríocht idir Fiosrúchán Oireachtais (neamhreachtúil) agus Binse Fiosrúcháin ná nach dtugtar aon chumhachtaí, pribhléidí ná cearta Ard-Chúirte d’fhiosrúcháin neamhreachtúla; tugtar na cearta sin do Bhinse Fiosrúcháin. Bunaítear Binse Fiosrúcháin trí rún Thithe an Oireachtais chun ábhar a mbaineann tábhacht phráinneach phoiblí leo a fhiosrú. Ní feidhm de chuid Binse Fiosrúcháin é ceartas a riar, obair fhiosrúcháin amháin a bhíonn i gceist. Tá oibleagáid ar Bhinsí Fiosrúcháin a gcuid cinntí a thuairisc don Oireachtas. Tá an chumhacht acu forfheidhmiú go mbeadh finnéithe i láthair agus iad a scrúdú agus cáipéisí a bhaineann leis an obair idir lámha a sholáthar. Féadfaidh Binse a bheith comhdhéanta de dhuine amháin nó níos mó, féadfaidh tuath nó duine nach dlíodóir é nó í a bheith mar an tAon chomhalta amháin de Bhinse Fiosrúcháin. Féadfaidh Binsí Fiosrúcháin suí i dteannta nó d'éagmais Measúnóirí (saineolaithe san ábhar a bhaineann leis an mBinse Fiosrúcháin. Ní comhaltaí den Bhinse Fiosrúcháin iad na measúnóirí. De ghnáth suíonn Binse Fiosriúcháin go poiblí ach is féidir an Binse Fiosraithe a thionól faoi phríobháid de réir rogha an Bhinse Fiosrúcháin. Ar an reachtaíocht a bhaineann le Binsí Fiosrúcháin áirítear na nithe seo a leanas:
An tAcht um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) (Leasú), 1998
An tAcht um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) (Leasú) (Uimh.2), 1998
An tAcht um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) (Leasú), 1997
An tAcht um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise)(Leasú), 1979
No. 25/1936: TRIBUNALS OF INQUIRY (EVIDENCE) ACT, 1921, ADAPTATION ORDER, 1936.
No. 48/1930: TRIBUNALS OF INQUIRY (EVIDENCE) ACT, 1921,ADAPTATION ORDER, 1930.
Binsí Fiosrúcháin | Rún Dála | Rún Seanaid | Ordú Aireachta |
Praghsanna Miondíola earraí a bhaineann le tomhaltas ginearálta | 16/12/1925 | 27/01/26 | Ní bhaineann le hábhar |
Calafoirt agus Cuanta | 19/01/1926 | 27/01/26 | Ní bhaineann le hábhar |
Lámhach Timothy Coughlan | 15/02/1928 | 15/02/28 | Ní bhaineann le hábhar |
Cibé an rachadh meascadh mhín ghráin bhuí agus táirgí gráin bhuí le harbhair a fhástar sa bhaile chun leasa an phobail | 27/11/1929 | 28/11/29 | Ní bhaineann le hábhar |
Margú ime | 30/04/1930 | 14/05/30 | Ní bhaineann le hábhar |
Táirgeadh muc | 05/05/1933 | 11/05/33 | Ní bhaineann le hábhar |
Torthaí agus glasraí a ghrádú srl. | 12/12/1934 | 19/12/34 | Ní bhaineann le hábhar |
Tionóntaí Baile | 13/12/1935 | 18/12/35 | Ní bhaineann le hábhar |
Tine Shráid an Phiarsaigh | 25/11/1936 | - | Ní bhaineann le hábhar |
Iompar Poiblí | 07/12/1938 | 07/12/28 | Ní bhaineann le hábhar |
| Tine ag Dílleachtlann Sheosaimh Naofa, An Cabhán | 03/03/1943 | 10/03/43 | Ní bhaineann le hábhar |
Déileálacha i Stoic an Great Southern Railway
Idir 1/1/1943 agus 18/11/1943 | 24/11/1943 | 25/11/43 | Ní bhaineann le hábhar |
Líomhaintí a bhaineann le Rúnaí Dála | 05/06/1946 | 05/06/46 | Ní bhaineann le hábhar |
Drioglann John Locke and Co. Ltd. , Chill Bheagáin a dhiúscairt | 05/11/1947 | 06/11/47 | |
Rátaí Lastais Tras-Chainéil | 23/10/1957 | 13/11/57 | Ní bhaineann le hábhar |
Bás Liam O'Mahony agus é faoi choimeád ag an nGarda Síochána | 18/07/1967 | 19/07/67 | Ní bhaineann le hábhar |
| Clár teilifíse faoi iasachtú mídhleath ach airgid | 17/12/1969 | 18/12/69 | 22/12/69 |
| Líomhaintí a rinne beirt Chomhaltaí Dála i gcoinne an Aire Rialtais Áitiúil | 03/07/1975 | 04/07/75 | 04/07/75 |
Tubaiste Fhaoide | 06/03/1979 | 08/03/79 | 09/04/79 |
Tine i gClub Stardust, Ard Aidhin | 18/02/1981 | 19/02/81 | 20/02/81 |
An cás Kerry Babies | 11/12/1984 | 12/12/84 | 13/12/84 |
An Tionscal Próiseála Mairteola | 24/05/1991 | 29/05/91 | 31/05/91 |
Scannal Heipitíteas C | 17/10/1996 | 17/10/96 | |
Íocaíochtaí Líomhnaithe ag Dunnes Stores | 06/02/1997 | 06/02/97 | |
Binse Fiosrúcháin nua chun déileáil le nithe a d'eascair as Binse Fiosrúcháin Dunnes (Íocaíochtaí le Haughey agus le Lowry) | 11/09/1997 | 18/09/97 | |
Ábhair Phleanála (lenan-áirítear athchriosú ag údaráisáitiúla Bhaile Átha Cliath) | 07/10/1997 | 08/10/97 | |
Leasú ar théarmaí tagartha | 01/07/1998 05/07/2001 | 02/07/1998 05/07/2001 | |
Binse Fiosrúcháin faoi HIV agus Heipitíteas C
Ionfhabhtú Haemaifiliach | 02/06/1999 | 02/06/1999 | |