Acht na Lia-Chleachtóirí 2007 - Uimh. 25 de 2007
Cad é a dhéanann an tAcht seo?
· Leis an Acht seo, déantar an pobal a chosaint agus eolas a thabhairt dó ina chuid déileálacha le lia-chleachtóirí. Lena chois sin, tugtar bearta isteach leis:
· chun socrú a dhéanamh maidir le clárú agus rialú lia-chleachtóirí;
· áirithiú níos fearr a dhéanamh maidir le hoideachas, oiliúint agus inniúlacht lia-chleachtóirí;
· leasú a dhéanamh ar chomhaltas agus ar fheidhmeanna Chomhairle na nDochtúirí Leighis;
· gearáin in aghaidh lia-chleachtóirí a imscrúdú;
· cuntasacht phoiblí Chomhairle na nDochtúirí Leighis a mhéadú;
· tuilleadh éifeachta a thabhairt do Threoir 2005/36/CE ón gComhairle;
· Achtanna na Lia-Chleachtóirí 1978 go 2002 a aisghairm agus a ionadú; agus socrú a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara.
Roinn Teagmhála:
An tAcht Sláinte agus Leanaí
Arna shíniú ag an Uachtarán an:
21 Aibreán 2007