An tAcht Sláinte 2007 - Uimh. 23 de 2007
Cad é a dhéanann an tAcht seo?
Déantar foráil leis an Acht seo maidir leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS) a bhunú chun an tsábháilteacht agus an cháilíocht a chur chun cinn i leith soláthar seirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta sóisialta ar mhaithe le sláinte agus leas an phobail. Ina theannta sin, déantar foráil leis an Acht Sláinte maidir le bunú Oifig an Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha san Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, ag a mbeidh feidhmeanna reachtúla sonracha. Lena chois sin, déantar foráil leis an Acht maidir le córas nua cigireachta agus clárúcháin i gcomhair ionaid chónaithe do leanaí, do dhaoine scothaosta (lena n-áirítear tithe banaltrais príobháideacha) agus do dhaoine faoi mhíchumas. Déantar freisin leis an Acht seo an tAcht Sláinte 2004 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh ar fhaisnéis sa tseirbhís sláinte.Roinn Teagmhála:
Roinn Teagmhála:
An tAcht Sláinte agus Leanaí
Arna shíniú ag an Uachtarán an:
21 Aibreán 2007