Uimh. 25 de 2005 -An Achta um Shaoire Uchtaíoch

Cad a dhéanann an dlí seo?

Déanann an tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 2005 leasú ar an Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995, chun moltaí cuí Ghrúpa Oibre na Comhpháirtíochta Sóisialta ar Athbhreithniú agus Feabhsú na Reachtaíochta um Chosaint Mháithreachais a chur i bhfeidhm ar shaoire uchtaíoch.  Forálann an tAcht do na nithe seo a leanas:

  • Méadú 2 sheachtain ar an tréimhse saoire uchtaíche go dtí 16 seachtaine (curtha i bhfeidhm cheana ag Ionstraim Reachtúil Uimh. 667 de 2004 le héifeacht ón 19 Samhain, 2004);
  • tuismitheoir(í) uchtála freastal ar ranganna riachtanacha ullmhúcháin agus ar chruinnithe riachtanacha réamhuchtála le hoibrithe sóisialta/oifigigh boird sláinte le linn uaire oibre gan aon chaillteanas pá;
  •  saoire uchtaíoch bhreise a fhoirceannadh i gcás breoiteachta, faoi réir ag comhaontú an fhostóra;
  •  an tréimhse saoire uchtaíche/saoire uchtaíche breise a scoilteadh i gcás go gcuirtear an leanbh san ospidéal, faoi réir ag comhaontú an fhostóra;
  • comhairfidh neamhláithreacht ón obair ar shaoire uchtaíoch bhreise do na cearta fostaíochta go léir (seachas luach saothair, sochair aoisliúntais) ar nós sinsearacht agus saoire bhliantúil.

Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Sínithe ag an Uachtaránan: 1/11/2005