Uimh. 28 de 2005 - Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú

Cad a dhéanann an dlí seo?

Ag eascairt as Comhaontuithe agus Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta (féach thíos) tugann an tAcht seo rogha ar eiseachadadh chomh fada agus go gceadaíonn sé don duine faoi phianbhreith an phianbhreith a chur isteach ina stát ‘baile’ féin.   

Faoin Acht seo, féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí iarraidh ar stát coigríche pianbhreith a forchuireadh in Éirinn a chomhall ar náisiúnach den stát coigríche sin i gcás go mbíonn an náisiúnach tar éis teitheadh as Éirinn gan an phianbhreith a chur isteach. I gcás daoine a bhíonn fillte ar Éirinn gan pianbhreith a forchuireadh thar lear a chur isteach, cinnfidh an Ard-Chúirt, bunaithe ar iarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, cibé ar chóir barántas a eisiúint do ghabháil an duine sin. Tar éis an duine a ghabháil, cinnfidh an Ard-Chúirt cibé an bhfuil an phianbhreith le cur isteach agus cad iad na coigeartuithe, más ann, atá le déanamh ar an bpianbhreith.  Bíonn na forálacha cosanta atá ar fáil faoin Acht um Eiseachadadh agus faoi Chuid 3 den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003 ar fáil do dhaoine a dhéantar a ghabháil faoin Acht seo.

Tugann an tAcht seo éifeacht  i ndlí na hÉireann do Phrótacal Breise 1997  (go háirithe, Airteagal 2) a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1983 maidir le hAistriú Daoine faoi Phianbhreith agus do na forálacha comhfhreagracha i gCaibidil 5 de Theideal III de Choinbhinsiún Schengen.

Beidh feidhm leis na socruithe faoin Acht seo idir Éire agus na Stáit is Páirtithe sa Phrótacal Breise agus/nó i gCoinbhinsiún Schengen, i gcás go mbíonn na stáit sin ainmnithe freisin chun críche an Achta seo ag an Aire Gnóthaí Eachtracha.

Roinn Teagmhála: An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Sínithe ag an Uachtaránan:  13/12/2005