Uimh. 32 de 2005 - An tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil (Réamh-1922)

Cad a dhéanann an dlí seo?

Déanann an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil (Réamh-1922), 2005, aisghairm ar 206 Reacht réamh-1922 a achtaíodh roimh an 6 Nollaig 1922 agus nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, agus a mheastar a bheith caite, i léig nó nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil leo a thuilleadh.

Is é an tAcht seo an chéad cheann i sraith beart reachtúil atá beartaithe ag an Rialtas chun an reachtaíocht go léir atá i léig nó atá iomarcach a théann siar níos faide ná bunú an Stáit a bhaint de Chlár Reachtanna na hÉireann.  Is é an cuspóir ná cabhrú leis an gClár Reachtanna a shruthlíniú agus a nuachóiriú agus is cuid de thiomantas foriomlán an Rialtais é maidir le Rialáil Níos Fearr agus athchóiriú rialaitheach. Cinntíonn aisghairm ar reachtaíocht atá as dáta go gcoinnítear an Clár Reachtanna cothrom le dáta, a fhorálann do shoiléireacht mhéadaithe agus rochtain mhéadaithe ar reachtaíocht phríomhúil. Tá an cur chuige seo ag teacht leis an dea-chleachtas i mbainistiú an chreat rialaithigh.

Roinn Teagmhála: Roinn an Taoisigh

Sínithe ag an Uachtaránan: 18/12/2005