Uimhir 39 de 2003 - Acht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003

Cad a dhéanann an dlí seo?

Tá dhá ghné sa reachtaíocht seo. Ar an gcéad dul síos, comhdhlúthaíonn sé cumhachtaí reachtaíochta reatha an Aire i ndáil le soláthar seirbhísí iompair chuig na hoileáin. Ar an dara dul síos, forálann sé do chumhachtaí nua maidir le soláthar aerstráicí ar na hoileáin agus soláthar seirbhísí nasctha bus mar chuid de chonarthaí áirithe farantóireachta/aeir.

Roinn Teagmhála:An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Sínithe ag an Uachtarán an:
16.12.03