Uimhir 45 de 2003 - An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003
Cad a dhéanann an dlí seo?
Tugann an tAcht éifeacht do Chreat-Chinneadh AE ar bharántas gabhála Eorpach. Cuireann sé ar chumas na hÉireann an barántas gabhála Eorpach a fheidhmiú le héifeacht an 1 Eanáir 2004 mar aon le Ballstáit eile a bhfuil an Creat-Chinneadh feidhmithe ina ndlí náisiúnta acu. Is é cuspóir an Chreat-Chinnidh ar an mbarántas gabhála Eorpach ná teacht in áit na socruithe eiseachadta láithreacha idir Ballstáit an AE. Tá an Creat-Chinneadh bunaithe ar phrionsabal an aitheantais frithpháirtigh agus forálanngur chóir go n-aithneodh gach údarás breithiúnach náisiúnta iarrataí do ghéilleadh duine, arna ndéanamh ag údarás breithiúnach Bhallstát eile.
Feidhmíonn na socruithe faoin mbarántas gabhála go príomha ag leibhéal na gcúirteanna sna Ballstáit. In Éirinn, is í an Ard-Chúirt a chinnfidh na hiarrataí a fhaightear anseo. Chun an próiseas géillte a luathú tá feidhm le creata ama sonracha chun cinntí a ghlacadh ag na cúirteanna faoin mbarántas gabhála Eorpach.
Tá raon leathan agus cuimsitheach caomhnuithe san Acht chun leasanna an duine gafa a chosaint, mar shampla, ní féidir duine a ghéilleadh sa chás go sáródh sin a gcearta faoin mBunreacht nó faoi Choinbhinsiún na hEorpaum Chearta an Duine. Tá ceart ag gach duine gafa ar chomhairle dhlíthiúil agus ar uiríolla dlíthiúla.
Déanann Cuid 4 den Acht roinnt athruitheil ghnéitheacha ar na hAchtanna um Eiseachadadh 1965 -2001.
Roinn Teagmhála: Department of Justice. Equality & Law Reform
Sínithe ag an Uachtarán an:28.12.03