Ról an Taoisigh

An tUachtarán (ceann de thrí Theach de chuid an Oireachtais) a cheapann an Taoiseach (Ceannaire Rialtas na hÉireann) ar ainmniúchán ó Dháil Éireann (Teach na nIonadaithe). Seanad Éireann an Teach eile. Caithfidh an Taoiseach éirí as nuair a theipeann vóta muiníne ann sa Dáil.

Freagraíonn an Taoiseach ceisteanna sa Dáil ar bheartas leathan nó ar shaincheisteanna a bhaineann lena Roinn. Féadfaidh an Taoiseach urraíocht a dhéanamh ar reachtaíocht lena mbaineann forbairtí tábhachtacha nua.  

Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste (leas cheannaire an Rialtais), agus an tAire Airgeadais a bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann. Caithfidh comhaltaí eile don Rialtais a bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ach ní fhéadfaidh níos mó ná beirt a bheith ina gcomhaltaí den Seanad. 

Is é an Taoiseach a ainmníonn an Tánaiste agus comhaltaí eile den Rialtas lena n-aontú ag an Dáil agus cuireann sé Ranna áiríthe faoi chúram Airí nuair a cheapann an tUachtarán iad. Ceapann an tUachtarán an tArd-Aighne ar ainmniúchán ón Taoiseach.  Tá sé de chumhacht ag an Taoiseach comhairle a chur ar an Uachtarán glacadh le héirí as oifig Airí. 

Chomh maith leis sin ainmníonn an Taoiseach aon nduine déag le fónamh ar Sheanad Éireann.

Is é an Taoiseach, mar cheannaire an Rialtais, an comhordaitheoir lárnach ar obair na nAirí agus a gcuid Ranna Stáit. Chomh maith leis sin cuireann an Taoiseach comhairle agus treoir ar chomhaltaí eile den Rialtas nuair a chaithfear dul i ngleic le saincheisteanna áirithe ina chaitheann an Rialtas oibriú le chéile mar chomh-údarás atá freagrach do Dháil Éireann. Is é an Taoiseach a leagfaidh síos mórbheartas Rialtais. Coinneoidh an Taoiseach an tUachtarán ar an eolas maidir le beartas baile agus beartas idirnáisiúnta.

Tá cúraimí reáchtúla áirithe ar an Taoiseach maidir le hathchóiriú an dlí, le staitisticí oifigiúla agus le seirbhísí poiblí a riaradh nach bhfuil faoi chúram aon chomhalta eile den Rialtas. 

Féadfaidh an Taoiseach a mheas go bhfuil ábhair áirithe chomh tábhachtach nó chomh mór sin go mbeadh sé oiriúnach iad a chur faoi choimirce a údaráis féin agus a bheith faoi chúram Roinn an Taoisigh. Áirítear orthu sin faoi láthair:  Preas-Oifig an Rialtais; Beartas Eacnamaíochta agus Sóisialta; Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta; agus Tuaisceart Éireann.

Doiciméid gaolta: