Teachtaireacht Fháilte ón Taoiseach

Bail ó Dhia oraibh. Fáilte chuig láithreán gréasáin mo Roinnese. Tá súil agam go gcabhróidh an chuairt seo le himeachtaí an Rialtais agus mo ról féin mar Cheannaire a mhíniú.
Is conair é seo i dtreo tuiscint a fháil ar fhreagrachtaí éagsúla na Ranna Rialtais, ar an tslí a n-idirghníomhaíonn siad agus an tslí a ndéanann siad freastal ar an bpobal.
Braitheann todhchaí na hÉireann oraibhse. Tá sibh mar chuid de phobal domhanda as a maíonn 70 milliún duine gur de shliocht Éireannach iad. Tá sé tábhachtach go dtuigfeá conas a oibríonn ár gcóras daonlathach.
Má tá aon smaointe agat faoi réimsí spéise a mheasann tú a bheith in easnamh, téigh i dteagmháil liom ag taoiseach@taoiseach.gov.ie
Is leatsa an láithreán seo.
Éanna Ó Coinnigh, T.D.
Taoiseach.
Doiciméid gaolta: