Ról an Taoisigh agus an Rialtais

Is é an Taoiseach a ainmníonn an Tánaiste agus comhaltaí eile an Rialtais don Dáil agus a  shainíonn Roinn áirithe do gach Aire nuair a cheapann an tUachtarán iad. Is é an Taoiseach a ainmníonn an tArd-Aighne chomh maith do cheapachán an Uachtaráin. Tá cumhacht ag an Taoiseach comhairle a thabhairt don Uachtarán ligean d'Airí éirí as a bpost.

Is é an Taoiseach, mar Cheannaire an Rialtais, comhordaitheoir lárnach na nAirí agus a gcuid Ranna Stáit. Tugann an Taoiseach moltaí agus comhairle do na comhaltaí eile nuair is gá don Rialtas feidhmiú mar údarás comhchoiteann atá freagrach do Dháil Éireann. Is é an Taoiseach a leagann amach polasaí rialtais leathan. Tugann sé eolas don Uachtarán faoi pholasaithe intíre agus idirnáisiúnta. Is é an Taoiseach a leagann amach polasaí rialtais leathan. Tugann sé eolas don Uachtarán faoi pholasaithe intíre agus idirnáisiúnta.

Tá dualgais reachtúla áirithe ar an Taoiseach maidir le hathchóiriú dlí, staitisticí oifigiúla agus le heagrú seirbhísí poiblí - rud nach bhfuil aon chomhalta rialtais eile freagrach as.

28th Gov post shuffle

Is féidir leis an Taoiseach cinneadh a dhéanamh go bhfuil gnéithe áirithe chomh tábhachtach sin gur chóir iad a chur faoi choimirce an Taoisigh agus  iad a thabhairt faoi fhreagracht Roinn an Taoisigh. Faoi láthair, áirítear orthu sin: nuachóiriú na seirbhíse poiblí; obair maidir le beartas an Rialtais i leith Thuaisceart Éireann agus i leith chaidreamh na hÉireann leis an Aontas Eorpach a chomhordú; An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta; An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta; Seirbhís Phreas an Rialtais; An tIonad Náisiúnta um Chomhpháirtíocht agus Feidhmíocht agus caidreamh leis an comhpháirtithe sóisialta a chomhordú faoi na comhaontuithe comhpháirtíochta.