Éire agus an tAontas Eorpach Tosaíochtaí a Aithint agus Coinneáil le Spriocanna An 4ú hEagrán, 2006

Réamhrá leis ann Taoiseach
I rith na bliana seo caite is ea atá an AE tar éis dul i mbun próisis díospóireachta agus machnaimh ar an mBunreacht Eorpach. Tá an Rialtas, an tOireachtas agus an Fóram Náisiúnta um an Eoraip abhus in Éirinn tar éis obair dhian a dhéanamh chun díospóireacht a spreagadh ar na dúshláin atá romhainn san Eoraip agus ar an tslí is fearr chun dul i ngleic leo. D’fhoilsigh an tAire Gnóthaí Eachtracha tuarascáil ghairid i leith na tréimhse machnaimh in Éirinn.

Rinne an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar thorthaí na tréimhse machnaimh seo i Meitheamh 2006. Rinne sí cur chuige dhá rian a cheadú i rith na tréimhse amach romhainn: torthaí buana a sheachadadh don phobal, agus comhairliúcháin fhorleathana ar an mBunreachtag an am céanna, agus mar thoradh air seo is ea a bheidh tuarascáil le tabhairt ar an tslí ar aghaidh, faoi bhráid na Comhairle Eorpaí an Meitheamh seo chugainn.  Tacóimid le hUachtaránacht na Fionlainne agus na Gearmáine san obair seo.

D’aithin an Chomhairle Eorpach an bhliain 2008 chomh maith mar dháta faoina mbeifear tar éis céimeanna riachtanacha a thógáil chun ligean don phróiseas dul ar aghaidh.  Léiríonn sé seo geallúint chomhroinnte go mbeidh na cinntí riachtanacha déanta faoin tráth úd. 

Treisíonn cur chuige na Comhairle Eorpaí an tuairim atá ann go forleathan – go n-éireoidh an tslí ar aghaidh níos soiléire an bhliain seo chugainn – cé nach bhfuil an tslí ar aghaidh ró-shoiléir faoi láthair. 

Idir an dá linn is amhlaidh a oibreoidh an AE go dian ar a chlár oibre dúshlánach.  Is í an teachtaireacht atá faighte againn thar an mbliain seo caite ná go bhfuil suim ag an bpobal sna torthaí a sholáthraíonn an tAontas. 

Déanfaidh Bunreacht na hEorpa:

o        brú ar aghaidh chun coiriúlacht agus sceimhlitheoireacht a throid;

o        déileáil leis na dúshláin d’fhuinneamh agus athrú aeráide;

o        fás eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn faoi Chlár athbheoite Liospóin.

o          tionscnaimh a leanúint atá tabhtacht don shaoránaigh.

Níl féidir díospóireacht faoi Bhunreacht na hEorpa a scaradh ó ghnó laethúil an Aontais. Más féidir linn cur ina luí ar dhaoine go bhfuiltear ag sásamh na mbuaireamh laethúil, má fheabhsaíonn aeráid leathan eacnamaíochta san Aontas agus má thagann feabhas ar mhuinín, más féidir linn níos mó post a chruthú agus dóchas a thabhairt dóibh siúd atá dífhostaithe; is ansin a thiocfaidh feabhas ar a bhfuil i ndán do Bhunreacht na hEorpa.

Creidimse go láidir gurb í Bunreacht na hEorpa an tslí is fearr chun uirlis a thabhairt don Aontas chun dul i ngleic le dúshláin na todhchaí. Tá an Rialtas fós tiomanta don Bhunreacht agus dá fhorfheidhmiú faoi dheireadh thiar.

Cé ghur tréimhse mhachnaimh í an bhliain seo chaite, níor chiallaigh sé sin gur cuireadh stop le gnó an AE. A mhalairt a bhí i gceist, le fonn láidir ann brú ar aghaidh le clár an AE agus gan cead a thabhairt don bhac faoi Bhunreacht na hEorpa an forás a chur as riocht.

I mí na Nollag na bliana seo caite ab ea a tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú um na Peirspictíochtaí Airgeadais don AE do na blianta 2007 – 2013. Tugann na Peirspictíochtaí nua, atá comhaontaithe le Parlaimint na hEorpa ó shin i leith,  cosaint do leas gach Ballstát agus ligeann siad don AE gluaiseacht ar aghaidh ar bhonn airgeadais mhaith. Soláthraíonn siad do €862.36 billiúin do na blianta  2007-2013.

Sár-thoradh a bhí ann ó thaobh dhearcadh na hÉireann de. Táimid ag dúil, thar na chéad seacht mbliana eile faoi chlúdach na bPeirspictíochtaí, go mbeidh an méid a fhaighimid ón AE cothrom le €14 billiún, agus go mbeidh ár gcuid n-íocaíochtaí cothrom le €13 billiún - ar sochar glan de 1 billiún é. Táimid ag súil go mbeimid mar ghlan-ranníocóir le buiséad an AE  gar do dheireadh na tréimhse sheacht mblaina.Tá an t-athrú seo de réir a chéile go stádas mar ghlan-ranníocóir comhsheasamhach lenár dtiomantas náisiúnta docht don AE agus an dul chun cinn tapa eacnamaíochta a baineadh amach trí bheith inár mball den AE.

In a lán slite is amhlaidh arb é an comhaontú um na Peirspictíochtaí Airgeadais an bloc tógála mór deireanach sa phróiseas méadaithe reatha. Beidh An Bhulgáir agus An Rómáin mar bhaill iomlána den Aontas Eorpach go luath. Tá tús curtha le hidirbheartaíochtaí aontaithe leis an Tuirc agus leis an gCróit. Bronnadh stádas iarrthóra ar Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine.

Is í an bhliain seo chugainn, 2007, an 50ú bliain ó Chonradh na Róimhe.  Is tráth é seo chun aitheantas a thabhairt don méid ollmhór atá tugtha ag an AE chuig caomhnú na síochána agus cur chun cin an fhoráis eacnamaíoch agus shóisialta ar ár mór-roinn-ne.  Beidh an bhliain ann freisin chun tábhacht bhunúsach ár mballraíochta den AE do rathúlacht eacnamaíoch na hÉireann a aithint.  Is ar éigean go bhfuil gné den saol eacnamaíoch ná sóisialta in Éirinn nár bhain tairbhe as ár mballraíochtna.

Leanann an AE mar fhoras fíor-thábhachtach dúinn.  Is í cuspóir na bhfoilseachán bliantúil seo ná míniú a thabhairt go soiléir agus go simplí ar an gclár oibre a bhfuilimid á leanúint san AE agus tábhacht an AE dár ngeilleagar agus dár sochaí.     

Leagtar amach sa 4ú hEagrán seo: Éire agus an tAontas Eorpach: Tosaíochtaí a Aithint agus Coinneáil le Spriocanna, ár bpríomhchuspóirí náisiúnta san Aontas Eorpach don tréimhse amach romhainn.Tarraingíonn sé suntas ar na heochaircheisteanna atá romhainn sna míonna a bheidh le teacht.

Leanfaimid ar aghaidh chun a chinntiú go gcuirfimid leas na hÉireann chun cinn, agus chun a chinntiú ag an am céanna go mbainfear amach leas an Aontais Eorpaigh trí chéile.

Parthalán Ó hEachtairn T.D.

Taoiseach

Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe Website