Clár Comhaontaithe Rialtais idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach - Lúnasa 2004
Seo í an dara tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn an Rialtais maidir le feidhmiú an Chlár Rialtais. Is í an seachtú tuarascáil i ndiaidh a chéile í ó chomhaontaigh Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach a gcéad chlár do Rialtas in1997. Is é aidhm na tuarascála seo ná ará go baileach an staid a bhfuiltear maidir le gach geallúint a tugadh inár gClár ag deireadh na bliana seo, an dara bliain de na cúig bhliana de mhandáid ón bpobal.
Facthas sa bhliain atá thart go leor bainte amach thar lear agus comhdhlúthú sa bhaile. Ba mar thoradh ar ullmhú cúramach agus fada a déirigh chomh maith le hUachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach. An 1 Bealtaine d'fháiltigh Éire roimh na ndeich stát aontachais chuig lánbhallraíocht san AE. Ba chomhnascadh stairiúil a bhí ann ar mhuintir na náisiún Eorpach tar éis dhá chogadh domhanda agus na blianta fada de chogadh fuar.
Thug Éire aghaidh ar an dúshlán a chruthaigh imeachtaí idirnáisiúnta agus bhain comhaontú amach ar dhréachtbhunreacht nua d'Aontas Eorpach leathnaithe de chúig stát is fiche. Cinnteoidh an bunreacht sin agus é ag tabhairt ar aird flaitheas gach stáit go mbeidh aontú na gcúig stát is fiche le chéile éifeachtach agus cuntasacht don am amach romhainn.
Is fócas lárnach de chuid an Rialtais i gcónaí síocháin bhuan a bhaint amach i d'Tuaisceart Éireann. Siúd is go bhfuil dúshláin fós ann tabharfar fúthu le diongbháilteacht agus le tiomantas. Tá an Rialtas ag obair go gníomhach le Rialtas na Breataine agus leis na páirtithe i d'Tuaisceart Éireann le feidhmiú iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach.
Tá ceann de na gealleagair thrádála is oscailte ar domhan ag Éirinn. Táimid tagtha trí mheath eacnamaíochta domhanda ceart agus leibhéil arda fostaíochta agus leibhéil arda infheistíochta coinnithe againn.
Bhí na daoine agus an margadh saothair solúbtha agus inoiriúnaithe. D'ardaíomar an t-íosphá agus níor chailleamar postanna dá bharr. Lean imirce isteach sa tír,agus ní imirce amach as an tír arís.
Laghdaíomar cáin chorparáideach gan creimeadh a dhéanamh ar an mbonn cánach. Tá borradh faoi mhuinín gnó. Tá postanna nua á gcruthú. Tá ardú ag teacht ar infheistíocht. Agus tá ioncaim ó chánacha i gcaoi mhaith.
Tá bainistíocht straitéiseach an gheilleagair lena n-áirítear leasú rialaithe éifeachtach agus praiticiúil, ag obair trí chomhpháirtíocht shóisialta mar bhonn folláin do thodhchaí na hÉireann.
Tá geilleagar níos láidre a choinníonn níos mó daoine ag obair agus a chruthaíonn níos mó ioncaim le hinfheistiú i seirbhísí poiblí agus d'uilechuimsitheacht shóisialta cruthaithe ag cánacha níos ísle.
Bhí dul chun cinn fíreannach déanta againn ar shaincheisteanna sonracha sa Chlár Rialtais anuraidh. Roinnt samplaí de sin is ea LUAS, leathanbhanda, bóithre, costais árachais, pinsin seanaoise, infheistíocht chaipitil inár gcuid scoileanna agus athbhorradh i limistéir mar Bhaile Mhunna agus freagairt do riachtanais othar leis an gCiste Ceannach Cóireála Náisiúnta.
Tá ár gcuid oibre le dhá mhí dhéag ag tógáil ar an méid a baineadh amach sna sé bliana roimhe sin. Tá na céadta mílte tugtha ón mbochtanas, tá na céadta mílte post cruthaithe agus tá na céadta milliún infheistithe i dtithíocht, in oideachas, i sláinte agus sna pobail is spealta atá againn.
Is toradh iad na hathruithe sin agus súil le tuilleadh dul chun cinn ar pholasaithe a oibríonn.
Anois déanann an Rialtas athnuachan ar a thiomantas ó thaobh comhlíonadh a dhéanamh ar a mhandáid agus seachadadh a dhéanamh ar a chuid tiomantas. Siúd is go bhfuil go leor seirbhísí poiblí níos fearr anois ná nuair a ghlacamar freagracht orthu tuigimid go bhfuil cinn eile ann a gcaithfear leanúint ag cur feabhais orthu.
Is é an tiomantas a dhéanaimid mar Rialtas leanúint ag déanamh bainistíocht mhaith ar an ngeilleagar le seachadadh a dhéanamh ar na torthaí agus ar na hacmhainní do dhul chun cinn sóisialta agus eacnamaíochta inbhuanaithe mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtas comhaontaithe.
Bertie Ahern,T.D., Mary Harney, T.D.,
Taoiseach Tánaiste