Éire agus an tAontas Eorpach: Tosaíochtaí a Shainaithint agus Aidhmeanna a Shaothrú - an 3ú hEagrán 2005
Réamhfhocal ón Taoiseach
Le deich mbliana anuas, ba ghné thábhachtach den chlaochlú a tháinig ar gheilleagar na hÉireann ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach. Go háirithe, bhí an rochtain atá againn ar mhargadh ollmhór inmheánach an AE, arb é an margadh is saibhre agus is sofaisticiúla ar domhan, thar a bheith tábhachtach i dtaca le hinfheistíocht agus poist a áirithiú in Éirinn.
Ar an 1 Bealtaine 2004, ag searmanas Fáilte i mBaile Átha Cliath, chuireamar fáilte roimh 10 mBallstát nua a bhí ag teacht isteach san Aontas Eorpach. Táthar ag súil go mbeidh an Bhulgáir agus an Rómáin ina mbaill sa bhliain 2007. Éacht stairiúil é méadú an AE go seacht mBallstát is fiche. Dúnann sé seo ré ghruama i stair na hEorpa. Glacann an Eoraip láidir aontaithe seo áit na sean-Eorpa a bhí scoilte ag an gCuirtín Iarainn agus táthar ag obair anois chun fás, fostaíocht, dlúthpháirtíocht shóisialta, cosaint timpeallachta agus slándáil do gcach duine dá 460 milliún saoránach a chur chun cinn.
Le himeacht aimsire, déanfaidh aontachas na 10 mballstát nua difear don tslí ina ndéanann an AE a ghnó. Beidh sé tábhachtach d'Éirinn cur leis an gcaidreamh dearfach atá againn cheana féin leis na Ballstáit nua seo. Chun an chuspóir seo a chur chun cinn, chinn an Rialtas gur ceart go mbeadh Ambasáidí conaitheacha ag Éirinn i dtíortha gach aon cheann dár gcomhpháirtithe san AE. Ciallaíonn sé seo go n-osclóimid Ambasáidí sna míonna amach romhainn sa Laitvia, sa Liotuáin, i Malta agus sna Stáit aontachais eile, is iad sin an Rómáin agus an Bhulgáir. Cuirfidh na misiúin nua sin ár gcaidreamh trádála, infheistíochta, turasóireachta agus cultúir chun cinn leis na comhpháirtithe nua seo san AE.
San Aontas méadaithe seo ina bhfuil cúig Stát is fiche (seacht gcinn is fiche sa bhliain 2007), níl Éire i measc na Stát is boichte a thuilleadh. Ciallaíonn ár rátaí arda fáis le deich mbliana anuas agus ár ngeilleagar atá láidir i gcónaí go bhfuilimid ag teacht chun bheith i measc na mBallstát is rathúla. Le himeacht aimsire, beimid mar ghlan-ranníocóir le buiséad an AE, seachas mar thairbhí ina leith. Faoi dheireadh, mar sin, beidh orainn glacadh leis an staid nua seo nuair atá ár gcuid tosaíochtaí á leagan amach i dtaca le buiséad an AE. Cé go leanfaimid de thús áite a thabhairt do chaiteachas faoin gComhbheartas Talmhaíochta, agus de thacaíocht a thabhairt chomh maith do mhaoiniú struchtúrtha agus comhtháite, go háirithe sna Ballstáit nua, leagfaimid béim níos mó ar luach ar airgead agus ar réimsí nua maoinithe, mar shampla taighde agus forbairt.
Tugann an méadú dushláin nua dúinn freisin. Tá sé fíorthábhachtach, ar mhaithe le leas na hÉireann, gur mbeidh an AE méadaithe in ann na cinntí a ghlacadh atá riachtanach chun dul i ngleic leis na deiseanna a éiríonn ón domhandú, go háirithe ón bhfás mear i ngeilleagair na hÁise.
I mí an Mheithimh 2004, mar thoradh ar dhianiarrachtaí ag Éirinn inár gcáil mar Uachtarán an AE, d'aontaigh Ballstáit an AE an dréacht-Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip. Soláthraíonn an Bunreacht Eorpach dúshraith don AE méadaithe nua. Léirítear ann bunluachanna an AE lena n-áirítear dínit an duine, an daonlathas agus riail an dlí. Soláthraíonn sé cearta dlíthiúla nua do shaoránaigh an AE. Bunaíonn sé roinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. Éascaíonn sé an chaoi a ndéantar cinntí san AE méadaithe agus fágann sé go bhfuil an tAontas níos trédhearcaí agus níos cuntasaí, agus déantar sin ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear trí chumhachtaí nua a thabhairt do Pharlaimintí náisiúnta.
Caithfidh gach aon cheann de na 25 Bhallstát an Bunreacht Eorpach a dhaingniú. Tráth scríofa an doiciméid seo, bhí trí Bhallstát déag tar éis an Bunreacht a cheadú, ach bhí dhá Bhallstát, an Fhrainc agus an Ísiltír, tar éis diúltú dó. Ba sa chomhthéacs sin a d'aontaigh an Chomhairle Eorpach, ag cruinniú dá cuid i mí an Mheithimh 2005, gur ceart go mbeadh sos ann i bpróiseas daingnithe an Bhunreachta Eorpaigh. Chomh maith leis sin, thosaigh an Chomhairle Eorpach díospóireacht leathan ar an mBunreacht Eorpach agus ar an Eoraip i gcoitinne.
Chuir an Rialtas fáilte roimh an díospóireacht sin agus creideann sé gur ceart í a úsáid chun a mhíniú dár muintir cén fáth gur ar mhaithe le leas na hÉireann agus ar mhaithe leas na hEorpa atá an Bunreacht Eorpach.
Is imeacht suntasach é gur dhiúltaigh dhá bhallstát de chuid stáit bhunaithe an Aontais Eorpaigh don Bhunreacht Eorpach. Tugann sé sin le fios nach mór do Rialtais a bheith ag éisteacht, ag míniú agus ag scaipeadh eolais.
Is mian liom go n-úsáidfear an tréimhse mhachnaimh seo in Éirinn chun daoine a spreagadh chun breathnú amach ar an Eoraip nua ina bhfuil cúig bhallstát is fiche, chun na hathruithe stairiúla atá tar éis tarlú san AE le deich mbliana anuas a aithint, chun tuiscint a fháil ar an méid a ghnóthaigh Éire as an AE, agus ar an méid a thug sí don AE, agus chun breithniú a dhéanamh i dtaobh conas is ceart don AE nua leanúint de bheith ag fónamh do leasanna a mhuintire go léir i ndomhan atá ag athrú go mear.
Is é mo thuairim dhocht dhaingean ná dá mhéid a dhéanann daoine breithniú ar na nithe seo is amhlaish is fearr a thuigfidh siad gurb é an Bunreacht Eorpach an dúshraith is fearr a d'fhéadfá a bheith ann don Eoraip nua seo, ar dúshraith é a chinnteoidh gur féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin atá a ghabhann le caomhnú mhúnla eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa agus, ag an am céanna, déileáil go rathúil le dúshláin an domhandaithe.
Leagann an 3ú hEagrán de Éire agus an tAontas Eorpach: Tosaíochtaí a Shainaithint agus Aidhmeanna a Shaothrú amach cuspóirí náisiúnta is tábhachtaí atá againn san Aontas Eorpach don tréimhse amach romhainn. Léiríonn sé réimse agus éagsúlacht rannpháirtíocht na hÉireann san Aontas agus tugann sé suntas do na saincheisteanna is tábhachtaí a mbeidh orainn déileáil leo sna míonna atá romhainn. Cé gur ball seanbhunaithe de chuid an Aontais sinn anois, agus taithí mhór agus cáil mhór againn, ní féidir linn a bheith ag brath ar na buanna sin. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag obair go crua chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn san Aontas agus, ag an am céanna, a chinntiú go leanann an tAontas a bheith ina bhunchloch don tsíocháin agus don tseasmhacht ar Mhór-Roinn na hEorpa.
Bertie Ahern, T.D.
Taoiseach
Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin
Adobe Website