Tuarascáil ar Dhul chun Cinn i gCur i bhFeidhm Cláir Aontaithe le haghaidh Rialtais idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach - Mí Iúil 2005
Réamhrá
Is é seo an tríú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn an Rialtais chun an Clár Rialtais a chur i bhfeidhm. Is é an t-ochtú tuarascáil i ndiaidh a chéile ó d'aontaigh Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach a gcéad chlár le haghaidh Rialtais i 1997. Is éard is aidhm leis an tuarascáil seo ná eolas a thabhairt faoi dhul chun cinn maidir le gach gealltanas a tugadh inár gClár aontaithe.
Tá athruithe suntasacha tagtha ar Éirinn le hocht mbliain anuas. Agus an aimsir ag athrú agus rudaí ag éirí go maith linn tá dúshláin agus deiseanna nua i gceist.
Tá na rudaí seo a leanas i gceist in Éirinn an lae inniu:
- An leibhéal dífhostaíochta is ísle san AE.
- An dara fiach náisiúnta is ísle
- An dara pá íosta is airde
- An infheistíocht is airde san AE i mbonneagar
- An fás is sciobtha de thíortha an OECD ar fad i gcaiteachas an duine ar shláinte
- An córas cánach agus leasa is flaithiúla ar domhan do theaghlaigh aon ioncaim ar an meán-phá tionsclaíoch.
Is tagarmharcanna iad seo d’athrú bunúsach thar thréimhse thar a bheith gearr. Is athraithe iad a tharla ní go fánach ach de bharr go ndearnadh an rogha ceart. Bhí gá le comhpháirtíocht, ceannasaíocht agus dúthracht mhuintir na hÉireann chun an geilleagar a thrasfhoirmiú. Inniu, is samhail é Éire ar a mbreathnaíonn na comharsana chun inspioráid a fháil.
Tá fócas dian curtha isteach ag an Rialtas seo ar a bheith ag cruthú síochána agus cirt atá buan i dTuaisceart Éireann. Sa bhliain a d'imigh thart bhí breis deacrachtaí i gceist, ach sheas an Rialtas go daingean lena ghealltanas chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm.
Ainneoin na ndeacrachtaí seo, tá athruithe móra tagtha ar an saol i dTuaisceart Éireann agus ar oileán na hÉireann ó 1998. Is mór an díbhinn ó thaobh síochána atá i gceist. Leanann athghiniúint eacnamaíochta agus forbairt shóisialta orthu go mear. Táthar ag tógáil gaolta nua agus ag leagan aníos na gconstaicí amhrais a bhí ann le fada gach uile lá. Leanfaidh an Rialtas air ag tabhairt ceannasaíochta agus ag féachaint chuige go mbainfear amach an acmhainneacht ar fad a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta.
Sa lá atá inniu ann, teastaíonn cúram sláinte níos fearr agus leasaithe agus bonneagar feabhsaithe ón daonra agus ón bhfórsa saothair seo againn agus iad ag dul i méid i gcónaí. I measc an rachmais ar fad, iarrann na daoine scoileanna níos fearr, breis saoráidí agus méadú ar neart an Gharda Síochána. I sochaí ina bhfuil rachmas ag a lán daoine, iarrann na daoine siúd a fágadh ar deireadh roimhe seo, mar dhaoine míchumasaithe, go dtugtar isteach go huile agus go hiomlán iad.
Is é réiteach na gceisteanna seo an deis a bhaineann leis an nglúin seo. Go huathúil, riamh ó bhain Éire saoirse amach, is é an ghlúin seo féin is fearr is féidir freastal ar ár gcuid riachtanas agus ár n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach anseo sa bhaile in Éirinn.
Is féidir linn a bheith bródúil as an dul chun cinn suntasach seo ach teastaíonn bainistíocht sheasmhach ónár ngeilleagar i gcónaí agus an cineál ceannasaíochta a thuigeann agus a thugann aghaidh ar na ceisteanna casta atá i ngeall.
Is féidir linn breith ar athrú leanúnach leasaithe don tír seo againn ach na beartais agus na cinnte cearta a dhéanamh. Beidh gá le bainistíocht chleachtach agus pleanáil chuí. Beidh gá le comhpháirtíocht leanúnach agus fíor-cheannasaíocht pholaitiúil leanúnach.
Ní díreach thar oíche a d’éirigh linn dul chun cinn a dhéanamh maidir le próiseas na síochána, an geilleagar agus i dtógáil bonneagair agus seirbhísí poiblí. Is éard a bhí i gceist ná dul chun cinn céim ar chéim tar éis na mblianta de dhúthracht de réir a chéile.
Is plean cúig bliana é an Clár Rialtais seo, céim ar chéim, inár féidir linn dul chun cinn mór a dhéanamh san am le teacht. Is tagarmharc an tuarascáil bhliantúil seo dá bhfuil déanta againn go dtí seo agus freisin den mhéid nach mór a dhéanamh fós. Is deis é chun dírithe ar spriocanna san am le teacht. Agus muid ag breathnú siar ar an mbealach fada a tháinig muid, tugann muid chun cuimhne an mhéid is féidir linn a dhéanamh san am le teacht.
Bertie Ahern, TD Mary Harney, TD
Taoiseach Tánaiste