• Tuarascáil Bhliantúil 2008

    Leis an deichiú tuarascáil bhliantúil seo de chuid Roinn an Taoisigh, tugtar forléargas ar obair na Roinne le linn 2008, agus tugtar tuairisc ar dhul chun cinn maidir leis na tosaíochtaí a léiríodh inár Ráiteas Straitéise 2008-2010 a bhaint amach. Ar nós an tuarascáil roimhe seo, tá an ceann seo bunaithe den chuid is mó ar Ráiteas Aischuir Bliantúil na Roinne do 2009, ina leagtar amach na spriocanna do 2008 (atá bunaithe ar na cuspóirí sa Ráiteas Straitéise), an méid a baineadh amach na spriocanna sin, agus na spriocanna don bhliain 2009. Tá súil againn, ar an dóigh seo, na naisc idir spriocanna, gach a bhaintear amach, agus caiteachas, a dhéanamh níos soiléire agus níos éasca le súil a choinneáil orthu ó bhliain go bliain.

  • SCÉIM FAOI ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2009-2012

    Cuireadh tús le Scéim na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla le héifeacht ón 21 Nollaig 2009. Leagann an Scéim amach an méid seirbhísí atá ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge, agus aithníonn sé limistéir le feabhsú as seo amach.