Cén chaoi a ritheann Tithe an Oireachtais reachtaíocht?
Tagraíonn Airteagal 20 – 27 den Bhunreacht don tslí a thionscnaítear agus a ritear reachtaíocht san Oireachtas (ag an Dáil, ag an Seanad agus ag an Uachtarán). Ní féidir Billí Airgid (reachtaíocht airgeadais) agus Billí chun leasú a dhéanamh ar an mBunreacht a thionscnamh ach i nDáil Éireann. Ní féidir leis an Seanad Billí Airgeadais a leasú agus ní mór aon mholadh a dhéanann siad a dhéanamh laistigh de 21 lá. Déantar formhór na mBillí eile a thionscnamh sa Dáil nó sa Seanad.
Ceadaíonn an Rialtas billí sula ndéantar iad a thionscnamh sna Tithe. Baineann cúig chéim le Billí a phróiseáil. Baineann an chéad chéim leis an mBille a chur faoi bhráid an Tí.
Tugann céim a Dó agus a Trí deis do Theachtaí ábhar na mBillí a phlé agus a leasú. Seachas díospóireacht a lorg, tugann an Dara céim deis do theachtaí nithe a ardú a d’fhéadfaí a chur san áireamh sa Bhille.
Tugtar Céim an Choiste ar an tríú céim den Bhille, áit a ndéantar iniúchadh ar ábhar an Bhille alt ar alt agus áit ar féidir le gach Teach an t-ábhar a leasú. Is é iad na Roghchoistí a dhéileálann leis an gCéim seo de ghnáth. Freagraíonn na Roghchoistí do Roinn chuí Rialtais. Tugtar Céim na Tuarascála ar an gcearthú céim de Bhille. Déantar tuilleadh leasuithe a eascraíonn as Céim a Trí ag an bpointe seo. Teorannaíonn an Cúigíú Céim de Bhille an díospóireacht chuig ábhar an Bhille.
Is éard is Billí Poiblí ann ná billí a bhaineann le saoránaigh i gcoitinne. Cuireann údaráis áitiúla agus comhlachtaí príobháideacha Billí Príobháideacha chun cinn.