Eolas maidir le Solvit
Ionad SOLVIT na hÉireann

Is líonra neamhfoirmiúil chun fadhbanna a réiteach é SOLVIT a sheol an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2002. Cruthaíodh é chun fadhbanna a bhíonn ag saoránaigh nó gnólachtaí de chuid an AE le lucht riaracháin phoiblí de chuid Bhallstáit an AE a réiteach. Caithfidh baint a bheith ag na fadhbanna seo le diúltú a gceart sa Mhargadh Inmheánach de bhrí nach bhfuil dlí an Mhargaidh Inmheánaigh á fheidhmiú i gceart. Tá ionaid ag SOLVIT i ngach Stát AE agus EEA.
Braitheann chomh maith is a éiríonn leis an Margadh Inmheánach ar a rialacha a bheith á bhfeidhmiú i gceart agus go tráthúil. Má dhéantar earraí a bhfuil an marc CE orthu a onnmhairiú as Éirinn go Ballstát eile a dhéanann allmhairiú na n-earraí sin a bhlocáil mar nach bhfuil marc caighdeáin an Bhallstáit sin orthu, déanfaidh Ionad SOLVIT na hÉireann teagmháil le hIonad SOLVIT an Bhallstáit lena mbaineann chun an chúis a bhfuil na hearraí a mblocáil a fháil amach, chun iad a scaoileadh más rud é go ndearnadh iad a bhlocáil go mídhleathach, agus an cheist a réiteach go tapa. Más mian le ball de ghairm a dhéantar a rialáil a hoileadh i mBallstát eile obair anseo ach go bhfuil moill ann maidir lena cháilíochtaí nó lena cáilíochtaí a bheith á bpróiseáil ag an gcomhlacht gairmiúil iomchuí anseo, iarrfaidh Ionad SOLVIT na hÉireann ar an gcomhlacht gairmiúil an duine lena mbaineann a chur ar an eolas in am trátha (a) go bhfuil sé nó sí i dteideal a ghairm nó a gairm a chleachtadh in Éirinn nó (b) nach bhfuil sé nó sí i dteideal sin a dhéanamh, agus mura bhfuil , an t-údar leis.
Sa chás go mbíonn Ionad SOLVIT na hÉireann sásta go bhféadfadh dlí an AE a bheith á chur chun mí-úsáide i gcás a chuirtear ar aghaidh chuige, tabharfaidh sé an fhadhb ar aird an údaráis chuí anseo nó leis an údarás comhfhreagrach sa Bhallstát lena mbaineann thar ceann an chliaint. Tá na hIonaid SOLVIT tiomanta freagra a fháil laistigh de dheich seachtaine gan dochar do chearta a gcliant leanúint le gníomh eile, lena n-áirítear caingean dlí, mura mbíonn siad sásta leis an bhfreagra.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hIonad SOLVIT na hÉireann ag an seoladh seo a leanas:
Ionad SOLVIT na hÉireann,
An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta,
Ionad Earlsfort,
Lower Hatch Street,
Baile Átha Cliath 2
An tUasal Michael Clarke, Teil:+ 353 (0)1 6312528
An tUasal Sean Smith, Teil:+ 353 (0)1 6312647
Sinéad Ryan Uasall Teil:+ 353 (0)1 6312740
Faics:+ 353 (0)1 6312562 Ríomhphost: solvit@entemp.ie
Is féidir tuilleadh eolais maidir le SOLVIT a fháil ar láithreán gréasáin SOLVIT