An Clár um Rathúnas agus Cothroime
Cúlra
Cuireadh tús foirmiúil leis na caibidlí ar Chomhaontú náisiúnta nua ar an 9 Samhain 1999.
Bhí an tuarascáilón gComhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Shóisialta, Opportunities, Challenges and
Capacities for Choice, ann mar chúlra do na caibidlí leitheadacha forleathana a bhí ann.
Áiríodh ar na páirtithe sna caibidlí an Rialtas, fostóirí, ceardchumainn, feirmeoirí agus an earnáil phobail
agus dheonach mar a leanas: Cónaidhm Ghnó agus Fostóirí na hÉireann (IBEC), Comhar Ceardchumann na hÉireann (ICTU), Cónaidhm an Tionscail Tógála (CIF), Cumann Feirmeoirí na hÉireann (IFA), Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA), Irish Co-Operative Organisation Society Ltd. (ICOS), Macra na Feirme, Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU), Ionaid Chomhdhála do Dhaoine Dífhostaithe, The Community Platform, Conference of Religious of Ireland (CORI), Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn (NCWI), Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann (NYCI), Cumann Uinseann de Pól, Protestant Aid, Cumann na nGnólachtaí Beaga (SFA), Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann (IEA), Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann (ITIC) agus Comhlachais Tráchtála na hÉireann (CCI).
Is é atá tar éis teacht as na caibidlí ná Comhaontú idir na páirtithe go léir sna caibidlí thar cúig cinn de
Chreatanna Oibríochta mar atá leagtha amach sa Chlár seo um Rathúnas agus Cothroime. Clúdaíonn an
Clár réimse leathan ceisteanna mar atá leagtha amach anseo thíos.
Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin
Adobe Website