Éire agus an tAontas Eorpach - Tosaíochtaí a Shainaithint agus Spriocanna a Leanacht, An Dara Eagrán 2003

Réamhfhocal

Agus mé á scríobh seo, tá an tAontas Eorpach ar tímórathrú a chur i bhfeidhm.  Beidh an tAontas, ó 1 Bealtaine amach, breis is ceithre oiread níos mó ná méid na ball raíochta bunaidh agus síneoidh sé ón Atlantach go dtí an Danóib agus ón gCiorcal Artachg o dtí an Mheánmhuir.    

Mórdhúshlán a bheidh i mbainistiú agus in eagrú Aontais mhéadaithe.  Tá obair luachmhar á déanamh faoi láthair ag Coinbhinsiún na hEorpa ar athruithe institiúideacha agus ar athruithe eile atá riachtanach dfhonn Aontas 25 ballstát nó níos mó a bhainistiú go rathúil.  Beidh an dréachtchonradh bunreachtúil nua a moladh, go bhfuiltear ag súil a bheith táirgthe ag an gCoinbhinsiún i mí an Mheithimh, mar bhunús tábhachtach do dhíospóireachta íidir Rialtais nuair a thiocfaidh siad le chéile ag Comhdháil Idir-Rialtais dfhonn conradh nua a chomhaontú.   

Tá Éirerann pháirteach go hiomlán, agus bhí ón tús, in obair an Choinbhinsiúin agus, de réir mar a bhímid ag obair len ár gcomhpháirtithe Eorpacha dfhonn conradh nua a sholáthar, beimid ag iarraidh go mbeidhna leasanna agus luacha bunúsacha náisiúnta sagainn le sonrú ar an gconradh.    

I rith na bliana seocaite, bhí deis ag muintir na hÉireann plé agus machnamh a dhéanamh ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach agus ar an gcaidreamh atá ag Éirinn leis an Aontas.  Bheartaigh muintir na hÉireann go háititheach ar Chonradh Nice a fhormheas nuair a reáchtáladh reifreann i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus dá bharr sin, thug siad le fios go soiléir gur theastaigh uathu go mbeadh áit lárnach ag Éirinn san Eoraip.     

Leagann an leagan leasaithe agus uas dhátaithe seo de Éire agus an tAontas Eorpach: Tosaíochtaí a Shainaithint agus Spriocanna a Leanacht, amach na sain chuspóirí náisiúnta sagainn maidir leis an Aontas Eorpach don tréimhse atá le teacht. Beimid ag obair gan scíth chun na haidhmeanna atá leagtha amach sa doiciméad seo a chur i gcrích dfhonn go mbeadh feabhas ar Éirinn laistigh den Eoraip, a bheidh feabhsaithe chomh maith.   

Táim ag tnúth le 1 Bealtaine 2004, tráth, is mé mar Uachtarán ar Chomhairle na hEorpa, go mbeidh mé ag fáiltiú roimh na stáit rochtana ballraíocht iomlán a ghlacadh san Aontas Eorpach.  Tá muinín agam go mbeidh an tAontas Eorpach ina mbeidh siad ann mar Aontas a bheidh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, níos daonlathaí agus níos gléiní, níos congaraí dá saoránaigh,agus go bhféadfadh gach saoránach dá chuid bheith mórálach as.   

Bertie Ahern
An Taoiseach
Márta 2003

Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe Website