Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta
Tacaíonn an Rannán um Ghnóthaí Eorpacha agus Idiirnáisiúnta leis an Taoiseach ina ról mar Cheann Rialtais, rialtas atá mar bhallstát den Aontas Eorpach agus i réimse níos leithne an idir chaidrimh idirnáisiúnta.
Comhordaíonn agus cuidíonn an Rannán le beartais na hÉireann um shaincheisteanna a mbaineann tábhacht Eorpach agus idirnáisiúnta leo a fhorbairt. I gcomhar le ranna eile Rialtais, déanann an Rannán monatóireacht ar sheasaimh bheartais Eorpacha agus Idirnáisiúnta atá ag teacht chun cimm agus ar chur chuige beartais a bhíonn ag na ranna éagsúla Rialtais agus ag comhlachtaí eile stáit.
Is é ceann de phríomh fheidhmeanna an Rannáin a chinntiú go mbíonn an fhaisnéis iomlán ag an Taoiseach faoi fhorbairtí ag leibhéal Eorpach agus Idirnáisiúnta agus go ndéantar cúram de leasanna na hÉireann. Comhordaíonn an Rannán chomhmaith comhshocruithe lóistíochtúla do dhialann an Taoisigh chomh fada agus a bhaineann le comhshocruithe idirnáisiúnta agus Eorpacha, lena n-áirítear comhshocruithe a reáchtáiltear in Éirinn i gcomharle Cinn Stáit nó Rialtais a bhíonn ar cuairt chun na tíre seo.
Is ar Ranna aonair a bhíonn an fhreagracht phríomhúil maidir le beartas idirnáisiúnta na hÉireann faoi shaincheisteanna sonracha a fhorbairt. Is faoin Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil atá sé,mar shampla, cúram a dhéanamh de bheartas idirnáisiúnta na hÉireann um chaomhnú an chomhshaoil. Tagann beartas idirnáisiúnta trádála na hÉireann faoi chúram na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.