Foilseacháin Pholasaí Eachnamaíochta agus Shóisialta
Creat um Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe
RÉAMHRÁITEAS
Tá dúshláin eacnamaíochta romhainn in Éirinn, ach mar sin féin tá deiseanna iontacha romhainn freisin. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfimis pleananna i dtoll a chéile a chuideoidh linn an ghéarchéim eacnamaíochta seo a chur dínn, ní mór dúinn freisin an geilleagar a athstruchtúrú le go mbeimis céim chun cinn nuair a thosóidh cúrsaí eacnamaíochta ag teacht chucu féin arís ar fud an domhain.
Leis an gCreat, Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann, leagtar amach sraith gníomhartha uaillmhianacha leis an ngeilleagar a atheagrú i gcaitheamh na gcúig bliana atá romhainn agus le rath na glúine atá anois ann agus na nglún atá le teacht a chinntiú. Leagtar amach creat a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíochta atá romhainn i láthair na huaire agus cur le ‘Geilleagar Stuama’ ina mbeidh borradh faoin earnáil fiontraíochta, ina gcuirfear fostaíocht ar ardchaighdeán ar fáil, ina mbeidh soláthairtí fuinnimh ar fáil, ina mbeidh timpeallacht tharraingteach agus ina mbeidh infrastruchtúr den scoth.
Ceapadh an Clár Athchóirithe Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair na bliana anuraidh. Tugann sé seo le chéile réimse leathan beartas agus tionscnamh a bhfuil sé d'aidhm acu fás borb eacnamaíoch agus forbairt fostaíochta na hÉireann a choinneáil ar siúl mar chuid d'athsheoladh Chlár Oibre Liospóin, agus é a dhíriú go speisialta ar fhás agus ar phoist sa tréimhse go dtí 2008.