ríomh-Rialtas
Tá ríomh-Rialtas lárnach domhúnlú na caoi a n-eascraímid mar Shochaí Eolais agus tá dul chun cinn sa réimse á fheiceáil níos mó ná riamh go hidirnáisiúnta mar phríomhtháscaire de ghníomhaíocht leathan Shochaí an Eolais.Díríonn tionscnamh ríomh-Rialtas na hÉireannach go háirithe ar:
seirbhísí poiblí comhtháite don chustaiméir a sheachadadh;
éifeachtachtaí inmheánacha agus riarachán cúl-oifige feabhsaithe;
gníomhaíocht níos leithne leis na ICTanna sa phobal gnó agus leis an bpobal i gcoitinne.
Tá an Rialtas tiomanta don chuspóir go mbeidh gach príomhsheirbhís phoiblí atá in ann seirbhís a sheachadadh go leictreonach ar fáil ar líne trí phointe teagmhála aonair faoi 2005. Is í an tsamhail atá á forbairt chun na críche sin ná an Bróicéir Seirbhísí Poiblí, a fhónfaidh mar phointe teagmhála aonair chun rochtain a thabhairt ar gach seirbhís phoiblí ar bhonn lae is oíche (24x7). Tá an Bróicéir Seirbhísí Poiblíá fhorbairt ag an nGníomhaireacht Reach.
Is é an cuspóir leanúnach dAonad Polasaí Shochaí an Eolais sa réimse ríomh-Rialtais ná forbairt a dhéanamh ar dhul chun cinn atá déanta cheana féin agus a chinntiú go gcothabháilte ar príomhról ceannaireachta i dtiomáint na gníomhaíochta le ICTanna.
Is féidir teacht ar fhaisnéis bhreise ar shain tionscnaimh ríomh-Rialtais agus ar dhul chun cinn go nuige seo i Naisc Nua agus i Naisc Nua -Tuarascáil Dul Chun Cinn.