Cuspóir an Tionscnaimh um Rochtain, Scileanna agus Ábhar (ASC)

Bunaíodh an Tionscnamh um Rochtain, Scileanna agus Ábhar (ASC) i 2006 chun cuidiú le heagraíochtaí deonacha, le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus le soláthróirí seirbhíse cabhrú le daoine, atá mall ag dul i dtaithí ar an teicneolaíocht. a bheith rannpháirteach i Sochaí iniatach na Faisnéise.  

Is é an cuspóir atá leis díriú ar na daoine sin - daoine breacaosta agus daoine atá faoi mhíchumas san áireamh - is mó atá i mbaol a bheith fágtha ar gcúl ag an athrú chuig Sochaí na Faisnéise.  Déantar é seo tríd an teicneolaíocht a usáid chun na pobail sin a thabhairt le chéile trí sheirbhísí agus líonraí ar líne. Aithnítear na grúpaí thuasluaite ar an dá earnáil is mó atá i mbaol sa tsochaí.

Lorgaíodh tograí ó ghrúpaí pobail, deonacha, agus neamhbhrabúsacha maidir le tionscnaimh a chuirfeadh rochtain, scileanna agus ábhar chun tosaigh, ar aon dul leis na cuspóirí sonraithe. 

I 2006 tugadh €1.45 milliún do 76 eagraíochtaí chun na cuspóirí seo a chur chun cinn.  Tá suas le €3 milliún á chur ar fáil faoi Dhara Glao an ASC do thograí i 2007.  Tugtar tuilleadh eolais ar na tionscadail faofa thíos.

 

Tá na sonraí ar na naisc thíos i mBéarla amháin:

 




Comhaid Ceangailte:
Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe Website