Beatháisnéis an Rúnaí Cúnta, Martin Fraser


Rúnaí Cúnta le freagracht as Rannán Ghnóthaí an Tuaiscirt/Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus as an Rannán Gnóthaí Corparáideacha.

D’fhóin sé mar Stiúrthóir Rannán Ghnóthaí Thuaisceart Éireann/Ghnóthaí Idirnáisiúnta ó 2005.

Chuaigh sé isteach sa Roinn i 1999 agus d’fhóin sé mar Phríomhoifigeach an Aonaid Pholasaí Eacnamaíoch, mar Cheann Ghnóthaí Corparáideacha agus mar Oifigeach Airgeadais.

Chuaigh sé isteach sa Státseirbhís i 1986 agus d’fhóin sé roimhe sin sa Roinn Talmhaíochta agus Bia, sa Roinn Gnóthaí Eachtracha  agus sa Roinn Leasa Shóisialaigh.