Buamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dún Dealgan
D’fhógair an Taoiseach, An tUasal Parthalán Ó hEichthigheirn T.D. gur iarradh ar an bPríomh Bhreitheamh, a bhí ar tí dul as oifig, An Breitheamh Liam Hamilton dianaithbhriethniú a dhéanamh tré scrúdú fíricí agus measúnú ar gach gnéith de bhuamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dún Dealgan agus a lean díbh. Chuaigh An Breitheamh Henry Barron in áit ar an mBreitheamh Liam Hamilton. Tá na téarmaí tagartha ar fáil faoi Fiosrúcháin agus is féidir iad a rochtain ar an nasc seo leanas:
Téarmaí tagartha: Buamaí Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin
Cuireadh torthaí an aithbhreithnithe faoi bhráid an Rialtais agus leanadh leis tré mhionscrúdú ar an tuarascáil i gcruinnithe poiblí Choiste Comhpháirtíochta an Oireachtais ar Dlí agus Ceart, Comhionannas, Cosaint agus Cearta na mBan.
Cuireadh na gnéithe seo san áireamh ag éisteachtaí an Choiste
- tugadh cead don Grúpa um Chearta na nDaoine Dearmata, a bhí mar ionadaithe ar a son siúd a gortaíodh nó a chaill gaolta, teacht os comhair an Choiste;
- bhain an Coiste feidhm as cumhachtaí a chinntigh go gcuirfí ábhair a bhain go díreach le breithiúnais na tuarascála os a chomhair; agus
- bhain an Coiste feidhm as cumhachtaí glaoch ar dhaoine teacht os a chomhair le freagra poiblí a thabhairt ar an tuarascáil.
D’fhoilsigh an Fochoiste na tuarascaíl seo leanas. Gheofar iad ar na nascanna a tugtar anseo thíos:
Tuarascáil Eatramhach ar Thuarascáil an Choimisiúin Foisrúcháin ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin 1974
Tuarascáil Dheiridh ar Thuarascáil an Choimisiúin Foisrúcháin ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin 1974
Tuarascáil Eatramhach ar Thuarascáil an Choimisiúin Foisrúcháin ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath 1972 agus 1973
Tuarascáil Dheiridh ar Thuarascáil an Choimisiúin Foisrúcháin ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath 1972 agus 1973
Mar thoradh ar mholtaí an Fhochoiste ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin 1974, bunaíodh Coimisiún Fiosruithe leis an tUas Patrick MacEntee SC mar bhall aonarach. Tá na téarmaí tagartha ar fáil faoi Fiosrúcháin agus is féidir iad a rochtain ar an nasc seo leanas:
Téarmaí tagartha: Coimisiún Fiosruithe.