Téarmaí Tagartha: Buamálacha Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin

Tabhairt faoi scrúdú iomlán, lena n-áirítear tóraíocht fíricí agus measúnú, maidir le gach gné de bhuamálacha Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin agus lenar tharla ina ndiaidh, lena n-áirítear

  • fíricí, imthosca, cúiseanna agus lucht déanta na mbuamálacha;
  • cineál, fairsingeacht agus leordhóthanacht imscrúdú an Gharda Síochána, lena n-áirítear comhoibriú leis na húdaráis chuí i dTuaisceart Éireann agus ó na húdaráis sin agus láimhseáil fianaise, lena n-áirítear anailísiú eolaíoch a dhéanamh ar fhianaise fhóiréinseach;
  • na cúiseanna nach ndearnadh aon ionchúiseamh, lena n-áirítear cibé ar cuireadh bac leis na himscrúduithe agus sa chás gur cuireadh, cé a rinne é agus cé chomh mór is a bhí an bac sin; agus
  • na saincheisteanna a d’eascair as craoladh an chláir fhaisnéise teilifíse Hidden Hand i 1993;



Tagraíonn buamálacha Bhaile Átha Cliath/Mhuineacháin do:

  • na pléascthaí buama a tharla ar Shráid Parnell, Sráid Talbot agus ar Shráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath an 17 Bealtaine 1974
  • an pléascadh buama a tharla ar an tSráid Thuaidh, Muineachán an 17 Bealtaine 1974.