Foilseacháin Chomhpháirtithe Shóisialta
Creat um Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe
RÉAMHRÁITEAS
Tá dúshláin eacnamaíochta romhainn in Éirinn, ach mar sin féin tá deiseanna iontacha romhainn freisin. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfimis pleananna i dtoll a chéile a chuideoidh linn an ghéarchéim eacnamaíochta seo a chur dínn, ní mór dúinn freisin an geilleagar a athstruchtúrú le go mbeimis céim chun cinn nuair a thosóidh cúrsaí eacnamaíochta ag teacht chucu féin arís ar fud an domhain.
Leis an gCreat, Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann, leagtar amach sraith gníomhartha uaillmhianacha leis an ngeilleagar a atheagrú i gcaitheamh na gcúig bliana atá romhainn agus le rath na glúine atá anois ann agus na nglún atá le teacht a chinntiú. Leagtar amach creat a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíochta atá romhainn i láthair na huaire agus cur le ‘Geilleagar Stuama’ ina mbeidh borradh faoin earnáil fiontraíochta, ina gcuirfear fostaíocht ar ardchaighdeán ar fáil, ina mbeidh soláthairtí fuinnimh ar fáil, ina mbeidh timpeallacht tharraingteach agus ina mbeidh infrastruchtúr den scoth.
Leis an Athbhreithniú seo, tarraingítear ar aird an dul chun cinn mór a rinneadh le linn chéad chéim I dTreo 2016, agus tá an Rialtas agus na Comhpháirtithe Sóisialta fós tiomanta comh-aidhmeanna fadtéarmacha an chomhaontaithe a bhaint amach.
Soláthraíonn I dTreo 2016 an tslí is fearr ar aghaidh trí chreatlach tábhachtach agus straitéiseach a sholáthar chun na dúshláin eacnamaíocha agus sóisialta atá amach romhainn a chomhlíonadh. Bhí fócas sainiúil ag gach ceann de na comhaontuithe comhpháirtíochta shóisialta a chuaigh roimhe agus bhí nualaíochtaí suntasacha iontu. Maidir le seo forbraíonn I dTreo 2016 creatlach nua chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin shóisialta, a bhíonn in aghaidh an duine ag gach céim den shaol. Ciallaíonn sé seo go mbeifear ag díriú ar riachtanais leanaí, daoine fásta óga, daoine ag aois oibre, daoine níos sine agus daoine faoi mhíchumas.
De bharr an Chláir seo um Rathúnas agus Cothroime is é sin an comhaontú is déanaí i sraith comhaontuithe idir an Rialtas agus na comhpháirtithe sóisialta a théann siar go dtí an bhliain 1987