Saoráil Faisnéise
Bhunaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997,(Acht FOI) a tháinig i bhfeidhm an 21 Aibreán 1998 trícheart reachtúla nua:
ceart gach duine faisnéis atá á coinneáil ag comhlachtaí poiblí a rochtain;
ceart gach duine chun faisnéis oifigiúil a bhaineann leis no léi féin a leasú sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamh iomlán, míchruinn nó míthreorach;
ceart chun cúiseanna a bhaineann le cinntí a bhfuil tionchar acu air nó uirthi féin a fháil.
Dearbhaíonn an tAcht cearta bhaill an phobail chun faisnéis oifigiúil a rochtain chomh fada agus is féidir ag teacht le leas an phobail agus le cearta príobháideachais daoine aonair.
Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais.